Recruitment poster for Offaly Local Development Company announcing a vacancy for an Bainisteoir Forbartha Gnó. The poster features the Irish heading “Táimid ag Earcú”, meaning “We Are Hiring”, alongside the English text, an image of hands typing on a laptop, and the contact email address info@offalydc.ie.

Táimid ag Earcú – Bainisteoir Forbartha Gnó We Are Hiring – Business Development Officer

Is mian le Cuideachta Forbartha Áitiúil Uíbh Fhailí duine a earcú chuig an bpost seo a leanas:

Bainisteoir Forbartha Gnó

Clár: Tithe Sláintiúla Uíbh Fhailí

Láthair: Halla Fiesta, Cill Chormaic, Co. Uíbh Fhailí

Uaireanta: Lánaimseartha, 35 uair in aghaidh na seachtaine

Tuarastal: €35,000 in aghaidh na bliana

Fad: Conradh le críochnú ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2028

Láthair: Beidh an ról lonnaithe i gCill Chormaic, go príomha, agus beidh taisteal chuig láithreacha páirtithe leasmhara le déanamh de réir mar is cuí

Maidir leis an Ról

  • Tá Oifigeach Forbartha Gnó atá spreagtha agus réamhghníomhach á lorg ag Cuideachta Forbartha Áitiúil Uíbh Fhailí CLG chun tacú le fás agus forbairt a dhéanamh ar an gclár Tithe Sláintiúla Uíbh Fhailí.
  • Is eagraíocht phobail sheanbhunaithe í Cuideachta Forbartha Áitiúil Uíbh Fhailí a bhfuil taithí breis is 20 bliain aici ar thionscnaimh phobail, forbartha tuaithe, fiontraíochta agus cuimsiú sóisialta a sholáthar ar fud Chontae Uíbh Fhailí.
  • Tugann an clár Tithe Sláintiúla Uíbh Fhailí tacaíocht do dhaoine scothaosta ina gcuid pobal. Cuireann an ról seo deis iontach ar fáil chun cabhrú le fiontar sóisialta inbhuanaithe a fhorbairt, fiontar a leathnóidh seirbhísí, a mhéadóidh ioncam agus a thacóidh le daoine scothaosta maireachtáil go neamhspleách ina dtithe agus ina bpobail féin.
  • Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis/léi ag obair in éineacht leis an mBainisteoir Béilí ar Rothaí agus leis an bhfoireann thúslíne, agus tuairisceoidh sé/sí chuig Ceann na Foirne um Pobail Inbhuanaithe agus Fiontar Sóisialta. Beidh an té a cheapfar i gceannas ar dheiseanna gnó nua a shainaithint agus a fhorbairt, feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibriúcháin agus fiosrú a dhéanamh ar bhealaí nuálacha chun an clár a leathnú.

Príomhfhreagrachtaí

  • Straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun an bonn custaiméirí a fhás, lena n-áirítear taighde margaidh, bearnaí i seirbhísí a shainaithint, margaíocht, agus deiseanna i limistéir chomharsanachta a fhiosrú.
  • Anailís a dhéanamh ar ioncam, costais oibriúcháin agus bealaí soláthair d’fhonn deiseanna a shainaithint chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach.
  • Deiseanna a shainaithint chun na costais a bhaineann le táirgeadh agus seachadadh bia a laghdú fad a choimeádfar an tseirbhís ar ardchaighdeán agus a thacófar le soláthróirí áitiúla.
  • Taighde a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha ar bhia a tháirgeadh, a stóráil agus a sheachadadh, agus ar chaidreamh le custaiméirí, agus tabhairt faoi na cuir chuige sin ar bhonn píolótach.
  • Deiseanna a fhiosrú maidir le seirbhísí éagsúla a chur ar fáil do dhaoine scothaosta, lena n-áirítear cuairteanna a thabhairt orthu sa bhaile, miondeisiúcháin, seirbhísí níocháin pobail agus táirgí bia comhlántacha.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir phraghsála agus deiseanna a shainaithint chun sruthanna ioncaim nua, roghanna íocaíochta agus tionscnaimh dhílseachta do chustaiméirí a fhorbairt.
  • Caidreamh agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt le gnólachtaí áitiúla, eagraíochtaí pobail agus páirtithe leasmhara eile.
  • Deiseanna maoinithe, urraíochta agus daonchairdiúla a shainaithint chun tacú leis an gclár a fhorbairt go leanúnach.
  • Dul i gcomhairle le daoine scothaosta agus úsáideoirí na seirbhíse chun riachtanais agus deiseanna a shainaithint chun tacú leo maireachtáil go neamhspleách.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn in aghaidh spriocanna comhaontaithe agus príomhtháscairí feidhmíochta, agus tuairisciú go rialta don bhainistíocht.
  • Freastal ar chruinnithe le páirtithe leasmhara, ócáidí fógraíochta agus gníomhaíochtaí eile de réir mar is gá.

An t-iarrthóir ab fhearr

Duine féinspreagtha a bheidh san iarrthóir a n-éireoidh leis/léi, duine a mbeidh sárchumas acu maidir le forbairt ghnó, taighde agus scileanna eagrúcháin, mar aon le spéis mhór i bhfiontar pobalbhunaithe agus tacú le daoine scothaosta.

Ba cheart don té sin na nithe seo a leanas a léiriú:

  • Feasacht mhaith ar fhorbairt ghnó agus cúrsaí tráchtála.
  • Sárscileanna taighde, anailísíochta agus réitigh fadhbanna.
  • Taithí ar dheiseanna gnó nua a shainaithint agus ar straitéisí fáis a fhorbairt.
  • An cumas anailís a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais, costais oibriúcháin agus sruthanna ioncaim.
  • Scileanna maithe chun cumarsáid agus líonrú a dhéanamh, agus chun caidrimh a chothú.
  • An cumas comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus oibriú i gcomhar le raon páirtithe leasmhara éagsúla.
  • Scileanna maithe eagrúcháin agus an cumas tionscadail a bhainistiú agus cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach.
  • Cur chuige cruthaitheach agus nuálach ar sheirbhísí inbhuanaithe a fhorbairt.
  • Ceadúnas tiomána iomlán.

Cén fáth ar cheart duit teacht ag obair linn?

Is deis é seo chun rannchuidiú go fiúntach le tionscnamh pobalbhunaithe a thacaíonn le daoine scothaosta, a chuireann maireachtáil go neamhspleách chun cinn agus a neartaíonn seirbhísí áitiúla ar fud Chontae Uíbh Fhailí.

Má tá na scileanna, an tionscnaíocht agus an díograis agat chun cabhrú le fiontar pobail inbhuanaithe a fhás, chuirfimis fáilte roimh d’iarratas.

Tá tuairisc mhionsonraithe ar an bpost le fáil ach í a iarraidh.

Seol litir iarratais agus Curriculum Vitae ina leagtar amach cáilíochtaí agus taithí oibre atá ábhartha don ról chuig: info@offalyldc.ie

Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an 5.00pm, Dé Céadaoin an 25 Samhain 2026.

Offaly Local Development Company is seeking to recruit for the following position:

Business Development Officer

Programme: Offaly Healthy Homes

Location: Fiesta Hall, Kilcormac, Co. Offaly

Hours: Full time 35 hours per week

Salary: €35,000 per annum

Duration: Contract to end of September 2028

Location: The role will be primarily based in Kilcormac, with travel to stakeholder locations as required

About the Role

  • Offaly Local Development Company Ltd is seeking a motivated and proactive Business Development Officer to support the growth and development of the Offaly Healthy Homes Programme.
  • Offaly Local Development Company is an established community organisation with over 20 years’ experience delivering community, rural development, enterprise and social inclusion initiatives throughout County Offaly.
  • The Offaly Healthy Homes Programme supports older people in their communities. This role offers an exciting opportunity to help develop a sustainable social enterprise that expands services, increases income and supports older people to live independently in their own homes and communities.
  • Working alongside the Meals on Wheels (MOW) Manager and frontline team, and reporting to the Sustainable Communities and Social Enterprise Team Leader, the successful candidate will lead on identifying and developing new business opportunities, improving operational efficiency and exploring innovative ways to expand the programme.

Key Responsibilities

  • Develop and implement strategies to grow the customer base, including market research, identifying service gaps, marketing and exploring opportunities in neighbouring areas.
  • Analyse income, operational costs and delivery routes to identify opportunities for improved efficiency and financial sustainability.
  • Identify opportunities to reduce meal production and delivery costs while maintaining quality and supporting local suppliers.
  • Research and pilot innovative approaches to meal production, storage, delivery and customer engagement.
  • Explore opportunities to diversify services for older people, including home visitation, minor repairs, community laundry services and complementary food products.
  • Review pricing structures and identify opportunities to develop new income streams, payment options and customer loyalty initiatives.
  • Develop relationships and strategic partnerships with local businesses, community organisations and other stakeholders.
  • Identify funding, sponsorship and philanthropic opportunities to support the ongoing development of the programme.
  • Consult with older people and service users to identify needs and opportunities to support independent living.
  • Monitor progress against agreed targets and key performance indicators, reporting regularly to management.
  • Attend stakeholder meetings, promotional events and other activities as required.

The Ideal Candidate

The successful candidate will be a self-motivated individual with strong business development, research and organisational skills and an interest in community-based enterprise and supporting older people.

They should demonstrate:

  • Strong business development and commercial awareness.
  • Excellent research, analytical and problem-solving skills.
  • Experience in identifying new business opportunities and developing growth strategies.
  • Ability to analyse financial information, operational costs and income streams.
  • Strong communication, networking and relationship-building skills.
  • Ability to develop partnerships and work collaboratively with a range of stakeholders.
  • Good organisational skills and the ability to manage projects and deliver agreed objectives.
  • A creative and innovative approach to developing sustainable services.
  • Full driving licence.

Why Join Us?

This is an opportunity to make a meaningful contribution to a community-based initiative that supports older people, promotes independent living and strengthens local services throughout County Offaly.

If you have the skills, initiative and enthusiasm to help grow a sustainable community enterprise, we would welcome your application.

A full detailed job description is available on request.

Please forward letter of application and Curriculum Vitae outlining qualifications and work experience relevant to the role as outlined to: info@offalyldc.ie

To arrive no later than 5.00pm on Wednesday 25th November 2026

Please also see HERE

Recruitment poster for Offaly Local Development Company announcing a vacancy for a Business Development Officer. The poster features the Irish heading “Táimid ag Earcú”, meaning “We Are Hiring”, alongside the English text, an image of hands typing on a laptop, and the contact email address info@offalydc.ie.

About Offaly LDC

A diverse group of community members smiling and working together in a large community garden. In the foreground, people are kneeling to plant bright flowers into fresh soil pots, while a modern, light-wood building and rolling green fields are visible in the background.

Empowering Offaly's communities for a resilient and sustainable future. We support people, planet, and prosperity through dedicated local development initiatives.

Explore Our Programmes & Events